Roinn

Ráiteas

08.02.2020

Tá an-díomá ar Ghaillimh 2020 a fhógairt go bhfuil an mórthaispeántas don Searmanas Oscailte curtha ar ceal tráthnóna inniu de bharr rabhadh géar aimsire náisiúnta atá i bhfeidhm le haghaidh inniu, anocht agus amárach. 

Bhíomar i dteagmháil leanúnach leis na húdaráis chuí ó fógraíodh na foláirimh aimsire níos luaithe an tseachtain seo, agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ciallaíonn na foláirimh aimsire reatha go bhfuil sé contúirteach leanúint ar aghaidh leis an imeacht. 

Cuireann sé brón orainn do chliar an phobail, dár n-oibrithe deonacha agus don fhoireann ar fad a bhí ag obair go dian le linn na seachtainí agus na míonna seo caite.

Bhí ócáid an lae inniu chun bheith ina bhailchríoch ar shraith iontach imeachtaí a reáchtáladh ar an Turas Tine de shearmanais a las suas bailte móra agus bailte beaga timpeall an chontae.

Imeachtaí Gaolmhara