Roinn

Spéir – An ceoltóir Anna Mullarkey chun Albam Aonair a Sheoladh

26.02.2020

An ceoltóir Anna Mullarkey chun albam aonair a sheoladh Arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020.

Ar an 29 Feabhra seolfar Spéir, mion-albam le ceoltóir na Gaillimhe, Anna Mullarkey, spreagtha ag na ceithre shéasúr agus a ndeasghnátha gaolmhara, coimisiúnaithe ag Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

Beidh an fuaimrian do chlár Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, ar fáil ar Spotify, agus tá sé ag teacht leis na ceithre shéasúr tine d’fhéilire ársa Ceilteach na hÉireann, a chuireann struchtúr ar chlár imeachtaí Ghaillimh 2020, Imbolc, Bealtaine, Lughnasa agus Samhain.

Cuirtear tús leis an albam le “Waiting for Spring”, rian a thugann cuireadh dúinn páirt a ghlacadh sa cheiliúradh atá ag teacht, agus muid ag fanacht go dtiocfaidh na bláthanna faoi bhláth agus go dtiocfaidh ardú croí orainn. Leantar ar aghaidh le “Summer”, píosa mall ach spreagúil maidir leis an gcaoi a n-airíonn sé bheith mar éan ag eitilt. “Sky Dance” is ea an chéad rian eile, a fuair spreagadh ón gcompántas amharclannaíochta ón bhFrainc, Gratte Ciel, a raibh aer-chleasghleacaithe dá gcuid ag damhsa sa spéir os cionn na Faiche Móire do sheoladh chlár Ghaillimh 2020 siar i mí Mhéan Fómhair 2019. Tugtar ar aghaidh muid ansin chuig míonna an gheimhridh leis an rian “Larger Than Life”, píosa dorcha leictreonach a athraíonn an giúmar go huile is go hiomlán.  Is féidir leis an ngeimhreadh bheith dorcha agus achrannach, tugann na liricí faoiseamh éigin do seo leis na liricí “we are stronger when we come together”.

Seans go bhfuil sé dorcha, ach is féidir linn teacht tríd le chéile mar phobal. Faoi dheireadh, is rian timpeallach é “Passing” a chuireann críoch leis an albam, géilleadh sona d’athrú na séasúr.  Bainfidh Gaillimh 2020 leas as na rianta i rith na bliana i léirithe éagsúla den chlár.

Is é Spéir an chéad albam aonair de chuid Anna, tar éis di seacht mbliana a chaitheamh mar chomh-scríbhneoir don bhanna ceoil, My Fellow Sponges. Le linn an ama sin, d’eisigh siad dhá albam, EP agus chuaigh siad ar chamchuairt ar fud na hÉireann agus na hEorpa.   D’fhás Anna aníos in iarthar na hÉireann agus faigheann sí spreagadh ón tírdhreach dá cuid cumadóireachta, rud a chiallaigh gur oir sí go rímhaith don choimisiún seo de chuid Ghaillimh 2020.

Measctha ag Frankie J Pollard

Máistrithe ag Liam King

Olldord: Sam Wright

Dordveidhil: Ciara O’Connor

Feadóg Mhór: Gabrielle Gonzales

Cover art by Eimearjean McCormack


Beidh dátaí camchuairte ag Anna ar a leathanaigh Facebook agus Instagram sna seachtainí romhainn.