Roinn

Sruth na Teanga

15.01.2020
Tabharfaidh Sruth na Teanga, leis an gcompántas amharclannaíochta Éireannach, Branar Téatar do Pháistí, lucht féachana óg ar thuras tumthach amharclannaíochta trí stair na Gaeilge.

 

Riamh anall, bhí cáil ar Bhranar Téatar do Pháistí as ucht scéalta móra a chruthú do dhaoine beaga, agus tá sé ar cheann de na compántais drámaíochta is mó a chruthaíonn saothair do pháistí in Éirinn. Mar chuid de chlár Ghaillimh 2020, tabharfaidh an compántas an lucht féachana ar thuras eipiciúil trí na tréimhsí fíorthábhachtacha i stair na Gaeilge.

Léirmhíniú fileata agus fantaiseach ar an teanga is ea Sruth na Teanga. Téann an turas trí chúig cinn de spásanna draíochta, le léiriú siúl tríd ina bhfuil puipéadóireacht, ceol, teilgmhapáil, teicneolaíocht dhigiteach idirghníomhach, beochan agus léiriú beo.

 

Marc Mac Lochlainn
Marc Mac Lochlainn
Marc Mac Lochlainn
Marc Mac Lochlainn

In 2018 amháin, rinne Branar seacht gcinn de léirithe éagsúla agus breis agus 192 taibhiú ar fud 26 ionad in Éirinn. Tá cáil mhaith ar an gcompántas go hidirnáisiúnta freisin agus iad tar éis dul ar camchuairt san Eoraip, sna Stáit Aontaithe, sa tSín agus sa tSeapáin. Agus Branar Téatar do Pháistí ag druidim le bheith 20 bliain ar an bhfód mar chompántas rathúil, dar le Stiúrthóir, Marc Mac Lochlainn, ‘is é seo an seó a raibh sé i ndán dom é a dhéanamh.’ Ar seisean, ‘tá sé i mo chloigeann agam ó 2015 i leith
agus anois agus Gaillimh 2020 ar an bhfód tá deis againn rud éigin ar mhórscála a dhéanamh a chlúdóidh scéal na teanga ón gcéad lá riamh a labhraíodh í go dtí an lá atá inniu ann. Is mian liom go dtuigfeadh an lucht féachana go bhfuil níos mó i gceist leis an nGaeilge ná na focail féin. Is í ár n-oidhreacht í sa mhéid is go bhfuil tionchar aici ar an mbealach a labhraímid Béarla, ar an mbealach a smaoinímid, agus ar an mbealach a n-oibrímid le chéile mar phobail. Tá sí leabaithe i ngach rud a bhaineann linn.’

 

Bhí gá ag Sruth na Teanga le spás a bheadh sách mór chun bheith in oiriúint do mhéid an scéil seo, agus bhí a dhúshlán féin ag baint leis sin. Bhí an sean-chríochfort
ag Aerfort na Gaillimhe oiriúnach. ‘Táimid ag iarraidh go mothódh an lucht féachana go bhfuil siad i spás draíochta ollmhór inar féidir le rud ar bith tarlú,’ arsa Marc. ‘Is maith liom i gcónaí atmaisféar an tseó a thógáil ar dtús, agus ansin cur leis an teannas de réir mar a théann tú trí na domhain éagsúla agus tá an spás trádstórais seo thar a bheith oiriúnach dó sin.’

 

 

“‘is é seo an seó a raibh sé i ndán dom é a dhéanamh.’”

Tá an Ghaeilge ar cheann de na deich dteanga is seanda atá á labhairt fós sa lá atá inniu ann. Ceapann Marc go bhfuil an teacht aniar sin inti de bharr a cuid beochta
mar theanga na scéalaíochta, na hamhránaíochta agus na filíochta. ‘Is é an chéad rud a bhuaileann leis an lucht féachana i Sruth na Teanga ná an t-eas,’ ar seisean. ‘I litríocht na hÉireann, bíonn an t-uisce i gcónaí mar shamhail den teorainn idir dhá shaol. As sin, leanaimid an abhainn – meafar do thimthriall na teanga.’

 

Ag tús an léirithe, féachtar ar an teanga mar eintiteas beo beathach. Cuirtear scéalta Fiannaíochta i láthair agus ceantar draíochtúil coille ina bhfuil íomhánna beochana agus puipéid mar chúlra acu agus faighimid spléachadh ar thimthriallacha miotasacha a réitíonn an bealach don chuid eile den eachtra. Chomh maith leis sin, tabharfar cloch bheag do na páistí a bhfuil litreacha Ogham (seanaibítir na Meánaoiseanna) uirthi le tabhairt leo ar an turas.

Marc Mac Lochlainn

As sin, leanann an lucht féachana na conairí stairiúla a ghlac an cultúr Gaelach tríd an Eoraip ina mbeidh ‘spás atá beoite go hiomlán agus ina mbeidh na scéalta ag bogadh ó cheann go ceann, agus pléascadh íomhánna mar bhailchríoch orthu. Taispeánann fuaimeanna a léiríonn an tSean-Ghaeilge agus an mheán-Ghaeilge forbairt na teanga, agus is ina dhiaidh sin a tháinig na Sasanaigh agus a thosaigh siad á briseadh síos. Ansin, léirítear an chaoi ar tiomáineadh an teanga faoi thalamh le híomhá de phluais, áit ar féidir leis an lucht féachana an teanga a chloisteáil, ach go bhfuil sí folaithe taobh thiar de na ballaí. Taispeánann íomhánna 3T an chaoi ar tháinig an teanga chun cinn arís agus go ndéantar í a chaomhnú i dtaiscumar agus sin an áit a bhfuil sí anois.’

 

Tagann deireadh leis an léiriú i spás machnamhach inar féidir leis na daoine sa lucht féachana an chaoi a dtiocfaidh críoch lena n-eachtra a roghnú. I ndeireadh na dála, tá sé ag iarraidh go bhfágfadh an lucht féachana agus fios acu go bhfuil i bhfad níos mó ag baint leis an teanga ná mar a cheap siad. ‘Táim ag iarraidh an fhiosracht sin a spreagadh a chuireann ar dhaoine tochailt níos doimhne a dhéanamh.’

 

Ceapadh Sruth na Teanga do lucht féachana ina mbeadh páistí ó ocht mbliana d’aois suas.

 

 

Grianghraf: Julia Dunin
Imeachtaí Gaolmhara