Roinn

Symphonic Waves

02.05.2019

Baineadh sprioc thábhachtach amach an deireadh seachtaine seo caite do thionscadal Ghaillimh 2020, Symphonic Waves, nuair a tháinig na rannóga uirlise éagsúla le chéile don chéad cheolchoirm mar lán-cheolfhoireann óige.

Chun an ócáid thábhachtach seo a cheiliúradh, ar an Domhnach, sheinn na téaduirlisí, na gaothuirlisí, na prásuirlisí agus na cnaguirlisí le chéile don chéad uair, agus iad ag obair ar stór ceoil dúshlánach le Beethoven agus Dvorak. 

Cuireadh fáilte roimh bhaill nua le ceardlann i ndrumadóireacht samba le Brian Ferguson ó Funky Drums, agus cuireadh clabhsúr leis an gcleachtadh le taibhiú beag neamhfhoirmeálta. 

Is Ceolfhoireann Óige Iarthar na hÉireann é Symphonic Waves, a bunaíodh in 2017 mar chuid de Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, i gcomhar le Music Generation na Gaillimhe 

D’eascair an smaoineamh don ensemble ón riachtanas cosáin ardleibhéil chun cinn agus deiseanna taibhithe ensemble a chruthú do cheoltóirí óga den scoth idir 13 agus 21 bliain d’aois ó Ghaillimh, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim, Maigh Eo, an Clár agus Luimneach.

Faoi threoir an stiúrthóra, an tOllamh James Cavanagh, tá an cheolfhoireann i mbun cleachtaí míosúla ó mhí Iúil seo caite, ghlac siad páirt i ndianchláir chónaithe agus fuair siad meantóireacht ó Cheoltóirí Cónaithe na Gaillimhe, ConTempo Quartet, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann agus Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ. 

Leanfaidh Symphonic Waves ag léiriú saibhreas bhua ceoil an réigiúin i rith na bliana seo agus an bhliain seo chugainn, ag cruthú oidhreacht inbhuanaithe in oideachas taibhithe ceoil do cheoltóirí óga ar bhord farraige iarthar na hÉireann.  Ag deireadh mhí an Mheithimh, seinnfidh an cheolfoireann a céad siansa. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Clárbhainisteoir Ghaillimh 2020, Marilyn Gaughan Reddan; “Tá ríméad ar Ghaillimh 2020 go raibh baint againn le bunú an tionscadail seo.  Tá sé iontach dul chun cinn Symphonic Waves a fheiceáil; tá caighdeán ar leith ag baint leis an saothar agus le ceoltóirí óga na ceolfhoirne. Is tionscadal spreagthach é seo atá á threorú ag daoine óga, agus fágfaidh sé oidhreacht iontach do cheoltóirí óga san iarthar.  Táimid ar bís a fheiceáil cad atá i ndán de réir mar a théann an cheolfhoireann chun cinn i rith na bliana seo agus na bliana seo chugainn.”   

Imeachtaí Gaolmhara