Tar éis an chúrsa chónaitheachta sa samhradh agus roimh an gceolchoirm sa Dubhlann, bhí cleachtadh oscailte ag ceolfhoireann óige Symphonic Waves in Ionad Pobail na Fairche an tseachtain seo caite.
Arna stiúradh ag an Ollamh James Kavanagh, seinneadh píosaí ceoil le Beethoven, Schubert, Hardiman, Dvořák agus Tchaikovsky, mar aon le píosaí aitheanta clasaiceacha agus aireagail.