Roinn

Tá am fós le bheith páirteach i gCliar Shearmanas Oscailte Ghaillimh 2020

12.12.2019

Réitigh sibh féin; tá Cliar Shearmanas Oscailte Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, anseo agus réidh le maidhm d’fhuinneamh tintrí a thabhairt go bailte móra agus bailte beaga na Gaillimhe.

Tá na hullmhúcháin idir lámha don searmanas oscailte a thosóidh ar an gClochán, an 2 Feabhra, sula rachaidh siad ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig an Spidéal, Tuaim, Béal Átha na Sluaighe, Port Omna agus Baile Átha an Rí, ag críochnú i mórthaispeántas iontach i gCathair na Gaillimhe, an 8 Feabhra. Bhí cliar de chnagcheoltóirí agus cantairí á socrú féin isteach sna róil ag na céad chleachtaí an deireadh seachtaine seo caite.  Cuirfear tús leis na seisiúin do na róil eile go luath i mí Eanáir. Tá na cleachtaí deartha i slí go mbainfear an méid spraoi agus an méid foghlama agus is féidir astu, ag tabhairt deiseanna do dhaoine rud éigin nua a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu i dtimpeallacht chairdiúil.

 

Má bhí tú meáite ar bheith mar bhall den chliar, ná bí buartha; tá seans agat fós bheith rannpháirteach ann. Beidh na cleachtaí ar siúl i gCathair na Gaillimhe, ar an gClochán, ar an Spideál, i dTuaim, Béal Átha na Sluaighe, Port Omna agus Baile Átha an Rí. Beidh fáilte roimh gach duine atá os cionn 18 mbliana, agus freastalófar ar gach leibhéal inrochtana. Táimid muiníneach má theastaíonn uait páirt a ghlacadh, go mbeidh ról agus ceangaltais ama ann a oirfidh duit.  Má tá suim agat sa drumadóireacht, bí cinnte go mbeidh tú cláraithe roimh an 16 Nollaig.  Le haghaidh róil eile mar chantaire nó iompróir tóirse, is é an lá deireanach ar féidir a chlárú, an 19 Eanáir 2020.

“Déantar cuimhní cinn nuair a bhriseann tú amach as gnáthchúrsa an lae agus nuair a ghlacann tú páirt i rud éigin faoi leith.”

Cén fáth nach gcláraíonn tú le cara, le duine eile de do theaghlach nó le do pháirtí? Déantar cuimhní cinn nuair a bhriseann tú amach as gnáthchúrsa an lae agus nuair a ghlacann tú páirt i rud éigin faoi leith. Ní mór duit gealltanas a thabhairt go bhfreastalóidh tú ar chleachtaí idir 6 agus 36 uaireanta an chloig, ag brath ar do ról sa searmanas. B’fhéidir go gceapann tú gur gealltanas mór é, ach d’fhéadfá tabhairt faoi seachas tráthnónta a chaitheamh ag scrollú ar Instagram. An é go raibh bealach á lorg agat chun leas ceart a bhaint as d’am saor? Níl aon rud níos fearr ná rudaí a dhéanamh i bhfíor-am le fíordhaoine.

 

Beidh foireann ghairmiúil, Wonder Works, do do spreagadh don ócáid, a bhfanfaidh i gcuimhne agus i gcroíthe na ndaoine go léir a fheicfeas é go brách.  Tá róil ar chúl stáitse ar fáil dóibh siúd nach dtaitníonn an spotsolas leo. Tá cliar á lorg againn a léiríonn éagsúlacht an pobail seo – tusa san áireamh!

 

Beidh an chéad seisiún forbartha scileanna eile ar siúl Dé hAoine, an 13 Nollaig i gCathair na Gaillimhe; Dé Sathairn, an 14 Nollaig ar an gClochán, an Spidéal agus i dTuaim; agus Dé Domhnaigh 15 Nollaig i mBéal Átha na Sluaighe, i bPort Omna agus i mBaile Átha an Rí. Téigh chuig suíomh gréasáin Ghaillimh 2020 le haghaidh amanna agus suíomhanna faoi leith.  Beidh na cleachtaí ag dul ar aghaidh tráthnónta Aoine, Sathairn nó Domhnaigh go dtí an 22 Nollaig. Tógfar sos um Nollaig agus don Bhliain Úr, agus cuirfear tús le cleachtaí arís ón Aoine, an 3 Eanáir, go dtí Domhnach, an 2 Eanáir.

Imeachtaí Gaolmhara