Gan ach beagán le cois bliana fanta go mbeidh Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020, tá muid ag cur tús le céim an táirgthe sa tionscadal seo.
Tá chuile dhuine ag obair ar a ndícheall le go mbeidh príomhchathair chultúir againn a mbeidh cách bródúil aisti.
Beidh an bhliain seo ar cheann de na tréimhsí is spleodraí riamh i stair na Gaillimhe … tá an seans againn an saol anseo a athrú chun feabhais go buan. Téanam ort ar bord agus ar aghaidh linn ar aistear iontach!