ATLANTEC The Art of AI & Digital Innovation

DÁTA I rith mhí Bealtaine
SUÍOMH Cathair agus Contae na Gaillimhe
IONAD OÉ Gaillimh, Óstán Meyrick

Reáchtálfar Féile agus Comhdháil ATLANTEC 2020 i rith mhí na Bealtaine, ina mbeidh sraith d’imeachtaí ar théama na teicneolaíochta faisnéise, ar ábhar spéise iad do ghairmithe thionscal TF, do ghrúpaí pobail agus dóibh siúd san oideachas.

Tá sé mar aidhm ag ATLANTEC féachaint ar an dul chun cinn in Intleacht Shaorga agus i bhFoghlaim Mheaisín (AI & ML), lena n-áirítear forbairt algartam agus méideanna méadaithe mórshonraí, le fócas ar theicneolaíochtaí nua agus treochtaí digiteacha atá ag déanamh sainmhíniú as an nua ar an tionscal.

Léireofar san fhéile cultúr teicneolaíochta éagsúil na Gaillimhe agus spreagfaidh sí cruthaitheacht agus comhoibriú i measc na bpobal TF, gnó agus oideachais in Iarthar na hÉireann.

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain