Borderline

David Best Coimisiún de chuid Gaillimh 2020
DÁTA Bealtaine
SUÍOMH Contae na Gaillimhe

Tá an t-ealaíontóir idirnáisiúnta David Best, a bhfuil cáil air as a theampaill ghearrshaolacha ag an imeacht Burning Man i nGaineamhlach Nevada, ag teacht go Gaillimh le saothar nua ceannródaíoch a thabharfaidh daoine óga ó thuaidh agus ó dheas den teorainn in Éirinn le chéile.

Tar éis do Dhoire bheith mar Chathair Chultúir na Ríochta Aontaithe in 2013, d’oibrigh Best agus a chriú chun teampall neamhreiligiúnach a chruthú, áit ar fhág daoine ar an dá thaobh airm, difríochtaí agus gearáin taobh amuigh, ag glacadh leis an am a bhí caite agus á n-ullmhú féin chun bogadh ar aghaidh.

Cúig bliana níos déanaí, ar chomóradh céad bliain Acht Rialtas na hÉireann, a bhunaigh an teorainn idir an Poblacht agus Tuaisceart Éireann, tá cuireadh tugtha ag Gaillimh 2020 do Best cuairt a thabhairt an athuair le Borderline ag am a bhfuil ár dteorainn féin agus go leor eile ar fud an domhain mar ábhar achrainn, ag léiriú na spásanna geopholaitíochta is conspóidí sa lá atá inniu ann.

Do Ghaillimh 2020, tabharfaidh Best na daoine as Doire le chéile arís le hobair i gcomhar le pobal na Gaillimhe agus tógfaidh siad séadchomhartha sealadach urghnách in ómós do dhomhan gan teorainneacha, gan choinbhleacht agus gan phian na deighilte.

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain