Crossing the Line Festival Blue Teapot Theatre Company

Coimisiún de chuid Ghaillimh 2020
DÁTA 20 - 23 Bealtaine
SUÍOMH Cathair na Gaillimhe

Is féile uile-Eorpach í Crossing The Line Festival ina léirítear saothar iontach ealaíontóirí Éireannacha agus Eorpacha le míchumais intleachtúla.

Image Andrew Downes Xposure

Beidh breis agus 100 ealaíontóir as Éirinn, an tSualainn, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe, an Pholainn agus an Ísiltír ag teacht le chéile le Blue Teapot Theatre Company don chéad fhéile dá leithéid do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.

Beidh an fhéile ar siúl thar cheithre lá in ionaid éagsúla, agus cuirfear ealaíontóirí le míchumais intleachtúla i lár an stáitse, ag ceiliúradh a n-ealaíontacht uathúil i gclár amharclannaíochta, seónna sráide, damhsa, scannáin, máistir-ranganna agus imeachtaí eolais. Beidh imeachtaí laethúla ag croílár na féile, an Mol i bPáirc an Athar de Búrca. Feidhmeoidh an mol mar áit inrochtana chun bualadh le healaíontóirí agus mar áit le sult a bhaint as Crossing The Line – féile do gach duine.

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain