Fire Garden

Cie Carabosse Arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020
DÁTA Lúnasa
SUÍOMH Contae na Gaillimhe

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar thús Lughnasa agus ar oícheanta fada fiáine an tséasúir draíochta seo, cruthóidh ailceimiceoirí tine Cie Carabosse gairdín draíochtúil tine ar scála ollmhór laistigh agus timpeall ar cheann de na séadchomharthaí is suntasaí i gContae na Gaillimhe.

Image Cie Carabosse © Vincent Muteau

Tá Cie Carabosse ar cheann de na grúpaí ealaíon sráide is mó clú sa Fhrainc, agus é ag athrú sráideanna agus páirceanna ar fud an domhain ó bhonn le bheith ina saothair ealaíne preabarnacha a thugann chun cuimhne dúinn an gá daonna is bunúsaí ar fad, an gá le teas agus solas.

Do Ghaillimh 2020, beidh rud fíordhána ar siúl ag Cie Carabosse: cruthófar píosa nua ollmhór a bheidh suite i bhfothracha mainistreach agus timpeall orthu, ag líonadh na bhfoirgneamh tréigthe ann le breacsholas, ag treorú an lucht féachana ar chonair shoilsithe a thaispeánann na turais a thóg oilithrigh na céadta bliain ó shin.

Tabharfar chun beochta an suiteán gach oíche trí shearmanas soilsithe aon uair an chloig.

Fiosraigh Séasúir