All The Queens Men

Fun Run

i gcomhléiriú le Gaillimh 2020
DÁTA 27 Meitheamh
SUÍOMH Cathair na Gaillimhe
IONAD Páirc Bhóthar na Trá

Beidh compántas ón Astráil, All The Queens Men, ag tabhairt a dtionscadal iontach rannpháirtíochta pobail Fun Run go Gaillimh le linn an tsamhraidh in 2020.

Image Bryony Jackson

Tar éis míonna a bheith caite ag grúpaí pobail áitiúla, idir bheag agus mhór, ag déanamh ullmhúcháin, tá Fun Run geallta a bheith ina lá den scoth a mbeidh na mílte rannpháirtithe ag léiriú a gcuid buanna iontacha.

Faoi spreagadh agus in ómós don teachtaire Gréagach Pheidippides, a seoladh chuig an Aithin le briseadh na bPeirseach i gCath Mharatóin a fhógairt, agus é tar éis an bealach ar fad a rith gan stopadh, is seó é Fun Run a thugann deis do gach duine a gcuid aclaíochta a fheabhsú agus a mórchumas a thaispeáint. Is é an t-ealaíontóir Tristan Meecham atá lárnach sa taispeántas seo nó rithfidh sé maratón cúig uair an chloig ar mheaisín reatha ag Páirc Bhóthar na Trá agus é á spreagadh ag taispeántais tacaíochta ó ghrúpaí pobail, grúpaí scoile agus daoine ón bpobal i gcoitinne.

Tabharfar cuireadh do ghrúpaí páirt a ghlacadh sa deis aon uaire seo le dul ar an stáitse agus seasamh sa spotsolas!

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain