Galway International Arts Festival 2020

Image Andrew Downes
Féachtar uirthi mar cheann de na féilte samhraidh is fearr san Eoraip, is í Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe an fhéile ildisciplíneach is mó in Éirinn.

Le blianta beaga anuas, fuair léirithe de chuid na Féile a chuaigh ar chamchuairt ar fud na cruinne moladh ard ó léirmheastóirí. Beidh na chéad taibhithe de mhórléirithe amharclannaíochta agus coimisiúin amharc-ealaíne, Mirror Pavilion le John Gerrard san áireamh, ag GIAF 2020.

Beidh pléascadh ollmhór ealaíne agus smaointe ar siúl thar cheithre lá dhéag, le ceol beo i Mórphuball Heineken, Clár Eorpach de Sheóthaispeántais Sráide, amharclannaíocht Éireannach agus idirnáisiúnta, sorcas, ceoldráma, ceol agus amharcealaíona, mar aon le Gairdín na Féile agus clár leathnaithe First Thought Talks. Léireoidh an Fhéile Séasúr Fómhair de First Thought Talks i mí Dheireadh Fómhair in OÉ Gaillimh.

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain