Macnas

Gilgamesh

Coimisiún de chuid Ghaillimh 2020
DÁTA Márta, Aibreán, Meitheamh

Léiriú nua drámatúil ar an eipic liteartha is sine ar domhan – scéal Gilgamesh.

Image Colm Hogan

In 2020, tagann fathach go Gaillimh. Dhá thrian Dia, aon trian duine, Gilgamesh is ainm dó. Tá eipic Gilgamesh á tabhairt go Gaillimh ag na máistir-scéalaithe, Macnas, thar cheithre shéasúr in 2020 (feic lch. 129 do léirithe na Samhna).

Tabharfaidh Macnas a stíl uathúil céim eile chun cinn, agus tabharfaidh siad an amharclannaíocht thraidisiúnta agus scéalaíocht amach go críocha nua amuigh faoin aer agus go cinn dhigiteacha. Le linn earrach 2020, nochtfar scéal Gilgamesh. Beidh blúirí den eipic le feiceáil timpeall na cathrach agus an chontae, ag spreagadh spéise agus cuireadh á thabhairt do lucht féachana áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta bheith rannpháirteach ann.

Sa samhradh, léireofar seóthaispeántas Gilgamesh amuigh faoin aer. Buailfidh beirt fhathach le chéile thar chathair phlódaithe, agus ina dteannta beidh réimse leathan de charachtair mhóra, nuair a bheidh Gaillimh ina hardán d’oíche mhór ragairne a fhanfaidh sa chuimhne go brách.
Imeacht as féin a bheidh ann gach seásúr agus is féidir sult a bhaint astu go neamhspleách.

 

Márta / Aibreán, gníomhaíochtaí i suíomhanna éagsúla ar líne agus sa tírdhreach Meitheamh, suíomhanna éagsúla amuigh faoin aer

Scríbheoir Marina Carr
Siúrthóir Noeline Kavanagh
Dearthóir Julian Crouch
Léiritheoir Feidhmiúcháin Artichoke

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain