Macnas

Gilgamesh

Coimisiún de chuid Ghaillimh 2020
SUÍOMH Cathair agus Contae na Gaillimhe

Tabharfaidh na máistir-scéalaithe, Macnas, léirmhíniú nua drámatúil ar an eipic liteartha is sine ar domhan atá beo go fóill – finscéal Gilgamesh – go Gaillimh thar cheithre shéasúr in 2020.

Image Colm Hogan

In 2020, feictear fathach i nGaillimh. Tá dhá thrian de ina dhia, aon trian de ina dhuine – is é an t-ainm atá air ná Gilgamesh.

Cuirfidh Macnas barr feabhais ar a stíl uathúil féin, agus tabharfaidh siad an amharclannaíocht thraidisiúnta agus an scéalaíocht isteach i réimsí nua amuigh faoin aer agus i réimsí nua digiteacha.

Sa chéad séasúr, Imbolc, feicfear giotaí de Gilgamesh amuigh faoin aer in áiteanna nach mbeifí ag súil leis agus ar fud na n-ardán digiteach.

Meallfaidh an eipic bhliana seo ó Macnas scéiméireacht agus rannpháirtíocht ó lucht féachana áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Is imeacht ann féin gach ceann de na ceithre shéasúr agus is féidir iad a bhlaiseadh go neamhspleách ar a chéile.

Scríbhneoir Marina Carr
Stiúrthóir Noeline Kavanagh
Dearthóir Julian Crouch
Cumadóir agus Dearthóir Nick Powell
Léiritheoir Feidhmiúcháin, Artichoke

Fiosraigh Séasúir