TICÉID
Arna chur i láthair ag Music for Galway agus Gaillimh 2020

Midwinter Festival: Beethoven

DÁTA 17–19 Eanáir 2020
SUÍOMH Cathair na Gaillimhe
IONAD Amharclann Halla an Bhaile
CREDITS Finghin Collins, Artistic Director
Contempo Quartet
Alina Ibragimova, Violin
Cédric Tiberghien, Piano
Aisling Casey, Oboe
John Finucane, Clarinet
Hervé Joulain, French Horn
Amy Harman, Bassoon
Dominic Dudley, Double Bass

Ireland, France, Russia,
Uk, The Netherlands
Ray McDonnell

Agus comóradh 250 bliain á dhéanamh acu ar bhreith Beethoven, leanfaidh Féile Lár an Gheimhridh de chuid Music for Galway den nós seanbhunaithe atá acu deireadh seachtaine trí lá de cheolchoirmeacha téamúla a chur i láthair le ceoltóirí as Gaillimh, as áiteanna eile in Éirinn agus as áiteanna níos faide i gcéin. Beidh an fhéile dírithe go príomha ar luathchumadóireacht Beethoven don phianó aonair agus don cheol aireagail.

Beidh sonáidí veidhlín, téadcheathairéid, an cúigréad don phianó agus do ghaothuirlisí á gcur i láthair chomh maith leis an seachtréad, a mbíonn an tóir air i gcónaí. I mbliana, beidh an veidhleadóir Rúiseach Alina Ibragimova agus an pianódóir Francach Cédric Tiberghien – dísreach a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu – in éineacht le Music for Galway. Cuirfidh siad bailchríoch ar a gceadal Domhnaigh le léiriú ar shonáid Kreutzer de chuid Beethoven, agus iad ag bogadh isteach i meántréimhse ghlórmhar an mháistir. Beidh Tiberghien, a bhfuil aithne mhaith air i nGaillimh, i lár an stáitse oíche Dé Sathairn agus cuirfidh sé clár ilghnéitheach éagsúlachtaí don phianó aonair i láthair, agus cuirfidh ConTempo Quartet na Gaillimhe féin tús le himeachtaí oíche Dé hAoine agus cliar den chéad scoth ó chian is ó chóngar ina dteannta

Finghin Collins, Artistic Director
Contempo Quartet
Alina Ibragimova, Violin
Cédric Tiberghien, Piano
Aisling Casey, Oboe
John Finucane, Clarinet
Hervé Joulain, French Horn
Amy Harman, Bassoon
Dominic Dudley, Double Bass

Ireland, France, Russia,
Uk, The Netherlands

Fiosraigh Séasúir