Arna chur i láthair ag Music for Galway agus Gaillimh 2020 i gcomhar le Irish National Opera 

Paper Boat

DÁTA 11–13 Meitheamh Paper Boat Suiteán Fuaime Aibreán go Lúnasa
SUÍOMH Cathair na Gaillimhe
IONAD Eaglais Choláisteach San Nioclás

Ceoldráma nua do Ghaillimh, chun 700 bliain d’Eaglais Choláisteach San Nioclás a cheiliúradh.

Oíche Fhéile Eoin, tagann fear óg gan dídean agus máthair agus leanbh chuig Eaglais San Nioclás ag lorg tearmainn. Ach tá arm ón am atá thart ag bailiú taobh amuigh de na doirse, ag bagairt go ndéanfaí scrios ar Ghaillimh mar a rinne arm Chromail na céadta bliain ó shin. Anois, iarrtar ar mhuintir na Gaillimhe a sábháilteacht féin a chur i mbaol chun na strainséirí a chosaint, agus ní mór do cheannairí na 14 threibh cinneadh a dhéanamh.

Beidh foireann agus ceolfhoireann ghairmiúil ag casadh le hamhránaithe agus ceoltóirí as Gaillimh, idir óg agus aosta. Bí ann chun a fháil amach cad a chinneann na treibheanna.

Ceol, Elaine Agnew Leabhróg, Jessica Traynor Stiúrthóir, Conor Hanratty Stiúrthóir Ceolfhoirne Sinéad Hayes

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain