Arna chur i láthair ag Gaillimh 2020 agus Fleadh Scannán na Gaillimhe

Peripheral Visions

Tá sé mar aidhm ag Peripheral Visions pobail na scannánaíochta ar imeall na hEorpa a nascadh, ag baint úsáid as teicneolaíocht agus gréasán na bhféilte scannán.

I mí Aibreáin, beidh aos óg na Gaillimhe ag obair i gcomhar le 48 cathair Eorpach eile, ó 35 tír éagsúil, mar chuid de Ghradam Lucht Féachana Óg de chuid Acadamh Scannánaíochta na hEorpa – imeacht scannánaíochta ar stíl na hEoraifíse.

Ansin, i mí Iúil, tiocfaidh 14 fhéile scannán le chéile ag Fleadh Scannán na Gaillimhe chun Líonra na bhFéilte Eorpacha a chur ar bhonn foirmiúil. Beidh an líonra seo i mbun coimeádaíochta ar liosta de sheoda scannánaíochta a léireofar i gclubanna scannán agus in ionaid chultúir Chontae na Gaillimhe.

 

Gradam Lucht Féachana Óg 26 Aibreán

Fleadh Scannán na Gaillimhe 7–12 Iúil

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain