TICÉID

Savage Beauty 

Kari Kola Arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020
DÁTA 14–17 Márta
SUÍOMH Contae na Gaillimhe
IONAD Loch na Fuaiche, Conamara
Íomhá le caoinchead Kari Kola

Ag leanúint na treorach a d’eisigh Rialtas na hÉireann ar an 12 Márta maidir le bearta nua chun Covid-19 a choinneáil faoi smacht, tá cinneadh déanta ag Kari Kola agus Gaillimh 2020 an t-imeacht seo a chur ar ceal. 

Cé go bhfuil an-díomá ar Kari Kola agus ar Ghaillimh 2020 go raibh orainn na cinntí seo a dhéanamh, is í sláinte an phobail an tosaíocht is mó atá againn agus ní mór dúinn comhairle an Rialtais a leanúint.

Déanfar teagmháil dhíreach le daoine a raibh ticéid ceannaithe acu.

 


Agus é ag díriú ar théama an tírdhreacha atá ag Gaillimh 2020, tugann an t-ealaíontóir soilsithe clúiteach as an bhFionlainn, Kari Kola, an teicneolaíocht is nuálaí chuig ceann de na háiteanna is cáiliúla in Éirinn, i dtaispeántas iontach de rímháistreacht theicniúil.

Idir an 14 – 17 Márta 2020, léireoidh Kari Kola an saothar ealaíne suíomhoiriúnaithe is mó a rinne sé riamh. Is suiteán soilsithe ollmhór é Savage Beauty, atá 5km ar fad agus a bheidh suite ar Cheann Garbh ag féachaint amach ar Loch na Fuaiche. Tá an loch suite i dtuaisceart Chonamara agus tá cuid den bhruach oirthuaisceartach suite ar theorainn Chontae Mhaigh Eo.

Rinne Oscar Wilde cur síos ar Chonamara mar “savage beauty”, tírdhreach tuaithe drámata na hÉireann. Léiríonn Ceann Garbh i gcroílár Dhúiche Sheoigheach dhá thréimhse de ghníomhaíocht bholcánach, breis agus 50 milliún de bhlianta idir eatarthu, uair a raibh aigéan ag dúnadh, aigéan a dtugtar an tAigéan Iaipéitis air anois. Tá an ceantar á mheas faoi láthair chun bheith ainmnithe mar Gheopháirc mar chuid de phlean chun geo-thurasóireacht a mhéadú, postanna áitiúla a chruthú agus ar dheireadh thiar thall, stádas mar Gheopháirc Dhomhanda UNESCO a bhaint amach.

Tugann Gaillimh 2020 cuireadh duit sult a bhaint as Savage Beauty ar do sháimhín só, siúl sa dúlra, nuair a dhéanfaidh Kari Kola an tírdhreach a shoilsiú i scáthanna caolchúiseacha de dhath claochlach agus Ceann Garbh á ghealú aige. Cuirfidh an saothar ealaíne iontach seo cuairteoirí faoi gheasa, agus tabharfaidh sé cuireadh dóibh cuairt a thabhairt ar an tírdhreach, smaoineamh ar an timpeallacht, trí eispéireas neamhshaolta solas-bhunaithe.

Leanann Savage Beauty iarrachtaí Kari Kola agus an tsuim atá aige aird a tharraingt ar chuid de na suíomhanna is ársa agus is mó ar domhan – ó Shliabh naofa Saana san Fhionlainn, Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO, Stonehenge, go dtí tionscadail eile i gCathair Naofa Petra agus Ilulissat Icefjord sa Ghraonlainn.

 

 


Beidh bóithre dúnta agus srianta páirceála i bhfeidhm.

14–17 Márta

6–11pm gach lá

Imeachtaí Gaolmhara
Fiosraigh Séasúir