Arna chur i láthair ag Gaillimh 2020 agus Drop Everything

Studio Drop

DÁTA Bealtaine
SUÍOMH Inis Oírr, Oileáin Árann
Dry Stone Walls by Tom O’Dea, Mick Murray, Brian Kenny, Drop Everything 2018

Tionscadal ailtireachta agus dearaidh le Drop Everything.

Faoi spreagadh na modhanna aeistéitiúla agus tógála a bhaineann le radharcanna coiteanna ar thírdhreach Iarthar na hÉireann, ó sciobóil déanta d’iarann rocach go claíocha cloiche, féachann Studio Drop ar na féidearthachtaí a bhaineann le dearadh agus le tógáil inacmhainne, inbhuanaithe agus ‘déan féin é’.

Cruthóidh Emmett McNamara agus Harrison Gardner spás stiúideo sealadach ar féidir é a bhogadh. Beidh ceardlanna tosaigh i ndearadh, teicníc agus féidearthachtaí foirgníochta á dtairiscint do dhaoine nua i bpobal na tógála fad a bheidh an tionscadal á thógáil. Nuair a bheidh sé tógtha, reáchtálfar cónaitheachtaí d’ealaíontóirí gach séasúr sa stiúideo.

Ealaíontóirí Drop Everything Bunaitheoir agus coimeádaí Mary Nally
Ailtire Emmett McNamara
Dearthóir agus Tógálaí Harrison Gardner

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain