To the Island

DÁTA Bealtaine
Nuair a smaoinigh Gaillimh 2020 ar leabhar a scríobh do léitheoirí óga, a bheadh lonnaithe i bPríomhchathair an Chultúir, rogha an-soiléir a bhí ann gurb í Patricia Forde as Gaillimh a thabharfadh faoi.

 

Tá scéal Patricia bunaithe ar chailín beag a thugann cuairt ar oileán aisteach agus miotasach Hy Brasil, amach ó chósta thiar na hÉireann, ach a leanann a croí ina dhiaidh sin le teacht abhaile go Gaillimh. Tháinig an foilsitheoir, Little Island ar bord le Gaillimh 2020 agus tugadh cuireadh don mhaisitheoir, Nicola Bernadelli, a cuid draíochta a thabhairt don leabhar.

Is scéal álainn é To the Island atá maisithe go gleoite, a bheidh mar sheoid ag muintir na Gaillimhe, na hÉireann agus níos faide i gcéin. Beidh sé ar fáil i mí Bealtaine 2020 agus mar cheiliúradh, beidh sraith imeachtaí ar siúl i leabharlanna agus i spásanna poiblí, áit a meabhrófar cumhacht na n-oileán dúinn – fíor agus samhlaíoch.

Sríofa ag Patricia Forde
Maisithe ag Nicola Bernadelli
Arna chur in eagar ag Little Island

Fiosraigh Séasúir

Imbolc

Bealtaine

Lughnasa

Samhain