TICÉID
Laurie Anderson & Hsin-Chien Huang

To the Moon

An Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, i gcomhar le Gaillimh 2020
SUÍOMH Cathair na Gaillimhe
IONAD Amharclann Mick Lally
COSTAS €8
To The Moon, 2018. Laurie Anderson agus Hsin-Chien Huang

Sa chéad eagrán seo den chomhpháirtíocht cheannródaíoch le Ceoláras Náisiúnta Bhaile Átha Cliath, cuirfidh Gaillimh 2020 fáilte roimh an ealaíontóir, scríbhneoir agus cumadóir avant-garde, Laurie Anderson, le haghaidh dhá léiriú fíorspeisialta, To the Moon agus All the Things I Lost in the Flood.

Eispéireas tumthach a mhaireann 30 nóiméad is ea To the Moon le Laurie Anderson agus Hsin-Chien Huang. Is eispéireas é a thugann ar ár dturas taiscéalaíochta féin chuig an ngealach sinn.

Mothaigh tú féin do do theilgean ón domhan seo, siúil ar dhromchla na gealaí, sleamhnaigh trí smionagar spáis, eitil trí chnámharlaigh DNA agus bí crochta ar thaobh sléibhe ar an ngealach sula ndéantar tú a chaitheamh de arís.

Tá sraith radharc le feiceáil ann agus ina measc sin tá ‘Constellations’, ina léirítear foirmeacha beatha atá á ndíothú – béar bán agus an bheach mheala – agus leagtar béim ar an rud atá neamhbhuan seachas an rud atá buan. Nuair a fhéachann an breathnóir ar na réaltbhuíonta imíonn siad leo, mórán ar an mbealach céanna a gcruthaíonn agus a scriosann daoine a ndomhain féin.

Is é Músaem Louisiana sa Danmhairg a choimisiúnaigh To the Moon le Laurie Anderson agus Hsin-Chien Huang i dtús báire dá dtaispeántas cuimsitheach in 2018, ‘The Moon: From Inner Worlds to Outer Space’.

 


 

31 Márta –12 Aibreán

11am–8pm Máirt, Céadaoin, Domhnach

11am–9pm Déardaoin–Satharn

Dúnta ar an Luan

Fad reatha 30 nóiméad

Fiosraigh Séasúir