Arna chur i láthair ag Gaillimh 2020 agus Féile na nAmharc-Ealaíon TULCA

UnSelfing

DÁTA Arrivals 29 Feabhra, Deep States 6–27 Márta, Threads 28 Márta–16 Bealtaine
SUÍOMH Gaillimh, Cora Droma Rúisc, Baile Átha Cliath, Doire, Gothenburg (An tSualainn)
Image Ciara O’Kelly, Procedures for a Prosperous Ecology, 2018, TULCA 2018

Cuireann TULCA Festival of Visual Art, UnSelfing i láthair; clár ina mbeidh taispeántais, léirithe agus teagmhálacha leis an amharc-ealaíon ar siúl i nGaillimh agus ar fud na tíre.. Tá an coincheap ‘UnSelfing’ a bhí ag Iris Murdoch marthéama aige. Is é sin an smaoineamh gur gá féachaint taobh amuigh díot féin, chun an fhírinne inmheánach a aimsiú, gur gá bheith fiosrach faoi na daoine, na háiteanna agus na smaointe atá timpeall orainn.

Is imeacht bríomhar seolta é ‘Arrivals’, a bheidh ar siúl ar thraein a bheidh ag gluaiseacht. Beidh léiriú á thabhairt ag an ealaíontóir Isadora Epstein agus cliar taibheoirí ar smaointe Irish Murdoch.

Taispeántas is ea ‘Deep States’ arna léiriú ag Helen Carey ag Amharclann Nuns’ Island. Feidhmíonn suiteán dealbhóireachta mar chúlra do shraith léirithe le Dominic Thorpe agus Boris Nieslony ina bhfiafraítear: ‘cé atá ag baint mí-úsáid as cé’ sa pholaitíocht.

Is é atá in ‘Threads’ , á choimeád ag Sarah Searson, ag The Dock, Cora Droma Rúisc, ná físeáin, dealbhóireacht agus grianghrafadóireacht le Austin Ivers, ag féachaint ar chórais rialaithe stáit an Chogaidh Fhuair.

 

 


Arrivals Dé Sathairn, 29 Feabhra, 1.45pm(teacht le chéile ag Stáisiún Traenach Ceannt), An traein idir Gaillimh agus an Gort, €10 – Ní mór áirithint a dhéanamh ar tulca.ie nó galway2020.ie

Deep States 13–27 Márta, 11am–5pm, Amharclann Nuns Island, Gaillimh

Threads 28 Márta–16 Bealtaine, Luan–Satharn 10am–5.30pm, The Dock, Cora Droma Rúisc

Is imeachtaí do dhaoine os cionn 16 bliana iad imeachtaí Threads

 

Ealaíontóirí
Arrivals Isadora Epstein
Deep States Dominic Thorpe, Boris Nieslony
Threads Austin Ivers


Coimeádaithe
Deep States Helen Carey
Threads Sarah Searson

Fiosraigh Séasúir