Is í Gaillimh an 61ú réigiún a ghlacfaidh an teideal mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus roinnfear an t-ainmniúchán in 2020 le Rijeka sa Chróit.
Is cathair chósta í Rijeka, suite ar chósta thiar na Cróite, agus tá sí cosúil le Gaillimh ó thaobh méide, suímh, daonra, teanga agus cultúir de. Tá cáil ar Rijeka as an atmaisféar boihéamach, an cultúr saibhir agus líonmhaireacht na bhféilte inti. Tá sé mar aidhm ag a gclár, The Port of Diversity, éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a shaibhriú agus áit chruinnithe a chruthú d’Eorpaigh ó chúlraí éagsúla agus daoine a spreagadh le go mothóidís gur saoránaigh de chuid na hEorpa iad.
Mar gheall ar thaithí chomhroinnte an dá phríomhchathair chultúir, i dtéarmaí beogacht chultúrtha agus naisc stairiúla, is am iontach é 2020 chun naisc a neartú, deiseanna cultúrtha a chruthú agus caidrimh fhadtéarmacha a fhorbairt.